Tá an Pholainnis á labhairt ag dhá scór milliún de dhaoiní, a bheag nó a mhór, sa Pholainn féin agus na tíortha atá ag críochantaíocht léithi: sa Liotuáin thar aon cheann eile, ach is féidir teacht ar chainteoirí i bpoblachtaí iarShóibhéadacha eile an iarthair, ar nós na hÚcráine is na Bílearúise. Thairis sin, tá na mílte de Pholannaigh ag cur fúthu i dtíortha móra an Iarthair - an Ghearmáin, an Fhrainc, Ceanada, na Stáit Aontaithe - tar éis imirce a dhéanamh, go h-áithrid sna blianta roimh scrios an tSóibhéadachais in Oirthear na hEorpa. Tig a rádh gurb í an Pholainnis an darna teanga Shlavach is tábhachtaí ó thaobh an chultúir de.
An abairt is sine dár breacadh síos sa teanga riamh, b'ins an tríú haois déag a tháinig sí ar pár. Baineann an chéad téacs iomlán Polainnise leis an cheatrú haois déag, agus b'ins an tséú haois déag a faibhríodh an caighdeán scríofa. B'iad canúintí na Mór-Pholainne (Wielkopolska) - an réigiún ina bhfuil an mhórchathair udaí Poznan suite, comh maith leis an chéad phríomhchathair, Gniezno - agus teanga na Mion-Pholainne (Malopolska) thart ar Chracó (Kraków) ba mhó a mhúnlaigh an Pholainnis liteartha. Ós rud é go bhfuair an Pholainn an creideamh Críostaí ón tSeic, ba mhinic do na luathscríbhneoirí sa tír aithris ínteacht a dhéanamh ar an tSeicis, agus dornán d'fhocail lárnacha tugtha isteach ón teanga sin dá réir. Murab ionann agus cás na Seicise - nó chuaidh an teanga áithrid seo i léig mar theanga scríofa go ceann i bhfad i ríocht Ghearmánaithe na hOstaire, agus cha dtáinig biseach uirthi roimh athbheochan na naoú haoise déag - níor éirigh na Polannaigh as a dteanga a shaothrú sa litríocht, fiú nuair a rinne na comharsana forghabháil ar an tír. Maireann sí go beo breabhsánta i gcónaí, cibé athrú a tháinig uirthi ó shin i leith.
Nuair a bhí an tSeanPholainn ina stát neamhspleách, b'iad an Laidin agus ina diaidh an Fhraincis na teangacha ba mhó tionchair uirthi. I ndeireadh na hochtú haoise déag, áfach, rinne an Rúis, an Phrúis agus an Ostair an tír a chríochdheighilt le chéile. B'í an Ghearmáinis an phríomhtheanga ins an Phrúis agus an Ostair, agus an Rúisis, ar ndóighe, chun tosaigh ar na teangacha eile ins an Rúis. D'fhág an éagsúlacht tionchair seo a sliocht ar an Pholainnis, ní nach ionadh, ar an stór focal go h-áithrid. Tá go leor focail Ghearmáinise le fáil i bPolainnis ár linne féin, siúd is go bhfuil meas na leathchainte ag na Polannaigh ar chuid mhór acu.
Den chuid is mó áfach cha rabh aon doicheall mór ar na Polannaigh roimh fhocail iasachta a ghlacadh chucu. Ón Fhraincis a tháinig kordon sanitarny (< "cordon sanitaire") agus racja stanu (< "raison d'état"); tá glactha go hiomlán le farba (< "Farbe"; péint is brí leis an fhocal sa Pholainnis anois, dath a chiallaíonn sé sa Ghearmáinis); agus przywilej an focal Polainnise le "pribhléid" a aistriú - is as an Laidin dó ó thús(<"privilegium"). Maidir leis an Rúisis, is féidir gur ábhar gáirí é fiú an oiread d'eascainí is d'fhocail gháirsiúla a tháinig isteach an bealach sin! Is gnách leis na Polannaigh eascainí Rúisise - le foirmeacha is iarmhíreanna díchlaonta Rúisise fiú - a tharraingt orthu féin má thig fearg orthu, cuma cé acu an bhfuil an chuid eile den teanga acu nó nach bhfuil.
Úsáideann na Polannaigh an aibítir Laidineach lena dteanga a bhreacadh síos. Is éadócha go dtearnadh iarracht riamh litreacha na Rúisise a chur i bhfeidhm ar an teanga, amach ó ráleabharthaí agus ó théacsleabharthaí fá choinne foghlaimeoirí Rúiseacha. Is iad na tréithre is suntasaí a dhealaíonns an Pholainnis ó na teangacha Slavacha eile ná:
- caolú láidir na gconsan déadach roimh ghutaí áithride (Po. dzieci "na páistí", Rú. deti)
- na gutaí srónacha (an t-o srónach, cosúil le on na Fraincise, a litrítear mar "a" agus straithín faoi, agus an t-e srónach, cosúil le in na Fraincise, a litrítear mar "e" leis an straithín)
- an bhéim ar an darna siolla is deireanaí (ar an chéad siolla atá sí ins an tSeicis; i bhfocail Rúisise áfach is féidir leis an bhéim a bheith ar shiolla ar bith beagnach, agus í ag athrú de réir fhoirm dhíochlaonta nó réimnithe an fhocail)
- na foirmeacha firinscneacha pearsanta san uimhir iolra (is ainmfhocail fhirinscneacha iad chomik = "hamstar" agus chemik = "ceimiceoir"; ach nuair a chuirtear san uimhir iolra iad, ní hionann an díochlaonadh dófa: chomiki = "hamstair", ach chemicy = "ceimiceoirí", ar an t-aon ábhar amháin gur duine é an ceimiceoir, agus an focal féin ag baint leis an inscne fhirinn.)
Murab ionann agus an tSeicis, cha dtugann an Pholainnis aitheantas don difríocht eadar na gutaí fada is na cinn gairide a thuilleadh, siúd is go maireann lorg amháin den difríocht seo, mar atá, an seanleagan fada den o, agus é á litriú ina ó: fuaimnítear cosúil leis an ghnáth-u é inniu, ach is iomaí canúint tuaithe ina bhfuil an t-ó éagsúil leis an dá ghuta - eadar o agus u - i gcónaí.
Is gnách a rádh gurbh ins an tseisiú haois déag a tháinig litríocht na Polainnise i gcrann an chéad uair riamh. B'é Mikolaj Rej ó Naglowice an chéad scríbhneoir tábhachtach. Ag cur san áireamh dúinn go bhfuil an Pholainn ag iomaíocht le hÉirinn fá chraoibh na tíre is mó Caitliceachais ins an Eoraip, is díol iontais é gur Protastúnach ab eadh é Rej. Rud sothuigthe áfach gur iomainn eaglasta a bhí á scríobh aige thar aon rud eile, ach thairis sin chum sé go leor agallaimh bheirte ag cardáil éagsúlacht mhór ábhair, eadar chreideamh, pholaitíocht chomhaimseartha agus mhoráltacht. Thar aon rud eile theastaigh uaidh a chuid léitheoirí a mhúineadh is a theagasc: scríbhneoir oideachasúil a bhí ann, agus b'fhéidir go mb'é sin ba dual do dhuine de lucht Athbheochana an Léinn, nó an Renaissance.
Bhain Jan Kochanowski leis an aois chéadna, siúd is go mb'óige é ná Rej. Is iad na dánta méala - na feartlaoithe nó na Treny a thiomnaigh an file dá nighin bhig bhaoidigh Urszula nó Orszulka a fuair bás ina tachrán, - is iad na feartlaoithe seo an chuid is cliúúla agus is buaine de shaothar Kochanowski, agus iad á léamh ag Polannaigh ár linne féin, dothuigthe seanfhaisiúnta is uilig mar atá an teanga iontu. Bhí tábhacht ar leith fosta leis an naomhsheanchas le Piotr Skarga ins na céadta a bhí le theacht, nó b'iomaí páiste Polannach a d'fhoghlaim léamh a theangan dúchais ó bheathaisnéisí na naomh, nó Zywoty Swietych, leis an Íosánach Skarga.
Tháinig ré an Bharócachais sa chéad aois eile le filí ar nós Mikolaj Sep-Szarzynski. Fuair Szarzynski bás go hóg, ach má fuair féin, chuir diolaim iarbháis a chuid filíochta borradh faoi fhorbairt an Bharócachais ins an Pholainn. B'é a dheartháir Jakub a chuir in eagar is a d'fhoilsigh na dánta. Bhí Szarzynski ar an fhile ba sciliúla ó thaobh na teangan de lena linn, agus é in ann an amscaíocht agus an chiotaíl a sheachaint a ba dual do na chéad fhilí Polainnise nuair a bhí siad ag iarraidh meadracht na véarsaíochta Laidine a chur i bhfeidhm ar an teanga. Mar a tharla i gcás na Gearmáinise, b'ar chrann na bhfilí Barócachais a thit sé rialacha foirmiúla a leagan amach d'ealaín na filíochta ina dteanga féin. Ar lorg Szarzynski tháinig filí eile ar nós Jan Morsztyn nó Waclaw Potocki.
B'í an tréith ba suntasaí i mBarócachas na Polainne thar na tíortha eile - agus ba lú a mbeadh súil agat leis - ná an Sarmátachas. Bhí an sruth smaoiteachais seo bunaithe ar an idé gur muintir anoir ab eadh iad na Polannaigh agus iad ag eascairt ó phobal finscéalach Oirthearach na Sarmátach. Cha rabh ann ach miotas bréagstairiúil, ar ndóighe, ach tá sé greannmhar go leor an Sarmátachas a chur i gcomparáid leis an tsíoráitiú a bíos ar cois ag Polannaigh ár lae féin fán chineál Iartharaigh mhóra a bhíodh iontu riamh anall, mar dhea. Ní deacair míniú a thabhairt ar an tSarmátachas, áfach.
Nuair a bhí an Barócachas fá réim sa Pholainn, ba tír ilteangach í agus canúintí na Bílearúisise agus na hÚcráinise á labhairt inti comh maith leis an Pholainnis, gan aon trácht a dhéanamh ar an Liotuáinis, ar an Ghiúdais agus ar an Tatáiris. Luíonn sé le réasún go rabh miotais agus gléasanna smaoiteachais de dhíth ar an tír an meascra seo a choinneáil le chéile. Ní rabh an Caitliceachas ná an tIartharachas ró-inúsáidte, agus an oiread sin d'Ortadocsaigh Oirthearacha, Giúdaigh agus Muslamaigh ina gcónaí taobh istigh de chríocha na ríochta. Mar sin, b'fhearr tagairt do "chomhdhúchas Oirthearach" na Slavach, na dTatárach is na nGiúdach. Inniu tá na críocha thoir caillte le fada an lá anuas ag an Pholainn, agus an tromlach mór de mhuintir na tíre i muinín na Polainnise agus an Chaitliceachais ó dhúchas. Níl gá a thuilleadh leis an Oirthearachas, mar sin.
Chuaigh an Barócachas in éag i ndeireadh na seachtú haoise déag. B'iad na ríthe Sacsónacha a rialaigh an tír go lár na chéad aoise eile, agus iad, mar is gnách a mhaíomh, iontach patuar i leith chultúr dúchasach na Polainne. Níor thoisigh borradh mór na litríochta athuair ach i dtréimhse Stanislaw August Poniatowski, a chaith conablach de thrian deireanach na hochtú haoise déag ina rí ar an Pholainn. Ní bhíonn mórán measa ag náisiúntóirí Polannacha ar mo dhuine, a mb'é rí deireanach na tíre é roimh chailliúint an neamhspleáchais: fuair sé an ríchathaoir a bhaint amach le cuidiú agus le tacaíocht Bhanimpire na Rúise, Caitríona Mhór, a bhuí leis an tseal a chaith sé ina leannán leapa ag an ráitsigh chéadna. Ina dhiaidh sin, ba mhór an t-urraí ealaíon agus léinn é Poniatowski, agus é ag iarraidh filí éirimiúla a earcú is a chruinniú ina thimpeall. Is dócha go mb'é Julian Ursyn Niemcewicz an duine ba tábhachtaí acu, fear a thuill a chliú ar an chóiméide Powrót posla ("Pilleadh an Toscaire") a chum sé faoi choimirce Phoniatowski. Nuair a rinne na cumhachtaí móra an Pholainn a chríochdheighilt eatarthu, ghlac Niemcewicz páirt ins an troid in aghaidh na gcríochdheighilteoirí i saol na polaitíochta agus ar mhachaire an áir, go dtí go mb'éigean dó a dhul eadar dhá dtír le theacht slán ó údaráis an tSáir. Chaith sé tamall fada ar deoraíocht i New Jersey sna Stáit Aontaithe, ach ansin fuair sé pardún agus phill chun an bhaile le tráthnóna a lae a chur isteach ina státseirbhíseach de chuid Ríocht Chomhdháileach na Polainne - Królestwo Kongresowe nó Kongresówka mar a bheir na Polannaigh uirthi. B'é sin an stáitín féinrialaitheach a bhí cruthaithe ag Comhdháil Vín, an chomhdháil a tháinig le chéile i ndiaidh chogaíocha Napoleon le bail ínteacht a chur ar mhapa na hEorpa aríst. Nuairt a chuir Niemcewicz faoi ins an tír athuair i ndiaidh bhlianta na himirce i Meiriceá, chuaigh sé i gCumann Chairde an Léinn, eagraíocht a rabh de rún aici leas na bPolannach a chur chun cinn ar an bhealach shíochánta frí oideachas a scabadh i measc na cosmhuintire. Is féidir a rádh mar sin go rabh Nieamcewicz ar duine acu sin a chuir tús leis an phosaitíbheachas Pholannach.
Tá sainbhrí leis an fhocal udaí "posaitíbheachas" nó Pozytywizm i gcomhthéacs na Polainne, mar atá, obair dhearfach fhoighdeach (nó "obair orgánach" mar a deirtí freisin) a dhéanamh le cultúr na tíre dúchais agus caighdeán maireachtála a muintire a fhorbairt is a fheabhsú seachas bheith ag síoriarraidh na rialtóirí iasachta, na Rúisigh, na Prúisigh is na hOstaraigh, a chur ó chumhacht. Bhí sé feicthe an oiread sin uaireanta, a d'áiteochadh lucht leanstana na hidé-eolaíochta seo, nach rabh ins an réabhlóideachas agus ins an cheannairceoireacht ach cearrbhachas éiginnte, agus go rabh go leor indéanta taobh istigh de shrianta an dlí le meabhraíocht náisiúnta a airdiú i measc na ngnáthdhaoiní.
Cha rabh mórán tionchair ag an phosaitíbheachas ar an chuid is fearr de litríocht na Polainne, áfach, roimh an darna leath den naoú haois déag. Tháinig ceannairc i ndiaidh na ceannairce, agus na Rúisigh ag cur na réabhlóideach faoi chois, chun báis nó an loch amach dá réir sin. Ba dual don fhile éirí díograiseach fán chúis náisiúnta, a chion a dhéanamh ag troid ar a shon agus blianta deireanacha a shaoil a chaitheamh ar an choigríoch ag cumadh filíocht rómánsúil fá thír a dhúchais nach bhfeicfeadh sé choíche aríst. Filí den chineál seo ab eadh iad na rómánsúlaigh mhóra Adam Mickiewicz, Juliusz Slowacki agus Chrystian Kamil Norwid.
B'é Adam Mickiewicz an té ba mhó cliú acu lena lá féin. Chum se go leor dánta gairide, ach is í an éipic mhór, nó an t-úrscéal véarsaíochta, Pan Tadeusz ("An tUasal Tadeusz"), a phríomhshaothar - maille leis an dráma rannaíochta udaí Dziady ("Oíche Shamhna"). File conspóideach a bhí i Mickiewicz ins na blianta Sóibhéideacha féin, nó nuair a stáitsíodh Dziady sa bhliain 1968, chuir na himeachtaí a tháinig as seo tús le scliúchais agus feachtas in éadan an lucht rialtais. Is é an Tobchumadh Mór, nó Wielka Improwizacja, an chuid lárnach sa dráma seo: óráid atá ann ina léiríonn an phríomhphearsa a amhras i leith Dé nach bhfuil sásta na Polannaigh a chosaint ar an éagóir faoi bhráid iasachta. Críochnaíonn an tobchumadh leis na focail Ní tusa Rí na nDúl, ach - a Sár!. Anois, nuair a labhair an t-aisteoir na focail deireanacha seo i léiriú na bliana 1968, chaith sé súil lán seachbhrí i dtreo Ambasadóir na Sóibhéidí i measc an lucht féachana. Ar ndóighe, rinne seisean a ghearán leis na cinsirí fán "stáitsiú fhrithShóibhéadach", agus iad sásta, mar ba dual dá gceird, an dráma a stopadh. Níor ghabh na Polannaigh leor le sin, áfach, agus mhair an tír ar bharr lasrach go ceann tamall maith ama.
Cur síos idéalaithe rómánsúil atá i bPan Tadeusz ar shaol na n-uasal ins an tseanPholainn, agus má tá blas an náisiúnachais air, is é an náisiúnachas é a bhí ann le linn a ré órga, nuair ba ghluaiseacht fhorásach é. Bhí tuigse na comharsan ag an scribhneoir do chás na Rúiseach féin, siúd is gur naimhde agus lucht ionraidh is forghabhála a bhí iontu don Pholannach.
Bhí Juliusz Slowacki níos bisiúla ná Mickiewicz, ach ón taoibh eile de níor éirigh leis an cliú céadna a bhaint amach. Scriobh sé drámaí véarsaíochta, arb é Kordian an ceann is cáiliúla acu. - Maidir le Chrystian Kamil Norwid, ba ghinias é nach bhfuair a cheart ach i ndiaidh a bháis, nuair a cuireadh diolaim a chuid filíochta, Vade-mecum, i gcló.
Tháinig an posaitíbheachas i leaba na réabhlóide is na ceannairce ansin, agus b'iad Boleslaw Prus, Eliza Orzeszkowa, Maria Konopnicka agus Henryk Sienkiewicz ainmneacha móra na linne. Chaith Orzeszkowa bunús a saoil i nGrodno, cathair leathPholannach, leathBhílearúiseach ag breacadh altanna fá shaol an cheantair neamhfhorbartha iargúlta chúlriascmhair seo fá choinne irisí de chuid Vársá. Saothar próis fá ábhair shóisialta, ar nós fuascailt na mban nó na nGiúdach, a bhí ins an chuid ba mhó dár scríobh sí. Is é an t-úrscéal Nad Niemnem ("Cois Niemen" - abhainn is eadh í Niemen; Memel a bheir na Gearmánaigh uirthi, agus Nemunas an leagan Liotuáinise) a nascanns le chéile cur síos beoga ar shaol na dúthuaithe in Oirthear na Polainne agus dúthracht pholaitiúil an údair a bhí ag iarraidh soiscéal an chomhaontais náisiúnta a chraobhscaoileadh. Níor éirigh le Konopnicka, údar mná eile, comh maith agus le hOrzeszkowa. Bhí saol ag Konopnicka a chuirfeadh i gcuimhne Aurore Dudevant (George Sand) duit: thréig sí a fear agus an pósadh ag teip ar an bheirt acu, agus chrom sí ar a cuid a shaothrú ar a conlán féin. Fágann a díograis i gcúrsaí fhuascailt na mban is an náisiúnachais blas na teagascúlachta ar a cuid scéalta is dánta i gcruth is nach bhfuil siad, b'fhéidir, i measc na roghan is fearr de litríocht na linne.
B'é Henryk Sienkiewicz (1846-1916) an chéad scríbhneoir Polainnise a bhain amach duais Nobel sa litríocht. Iriseoir a bhí ann ó thús a chaith cúpla bliain i Meiriceá ag obair ina chomhfhreagraí do nuachtán i Vársá. Thug sé taithneamh do dhaonlathas na Stát Aontaithe agus d'fhoilsigh sé diolaim de "litreacha ó Mheiriceá" ina dtug sé tuairisc ar shochaí agus ar chultúr na Stát Aontaithe mar dhea-eiseamláir is mar phatrún le tógáil. Gearrscéalta a scríobhadh sé i dtús a réime mar scríbhneoir ficseanúil, agus é ar a dhicheall luachanna an phosaitibheachais a chur chun cinn iontu. B'iad na húrscéalta stairiúla eachtrúla a rinne údar cáiliúil mór-ráchairte eadarnáisiúnta de mo dhuine, áfach: theastaigh uaidh misneach a chur ina mhuintir frí scéalta laochaos a inse dófa fá chaithréim na laethe a bhí; ar ámharaí an tsaoil sháraigh an scéalaí an náisiúntóir, ionas go dteachaidh aige scéalta beoga suimiúla a chumadh a choinníonns léitheoir an lae inniu féin á léamh go dtí an leathanach deireannach. B'í an Tríológ - an trí úrscéal fá chogaíocha na seachtú haoise déag - a foilsíodh sna 1880idí an chéad iarracht ar an ghné seo den litríocht aige: Ogniem i mieczem ("Le tinidh is le claíomh")m Potop ("An Díle") agus Pan Wolodyjowski ("An tUasal Wolodyjowski").
Dealraíonn sé áfach nach bhfuair an saol mór amuigh aithne ar mo dhuine ach nuair a tháinig an t-úrscéal Quo vadis? ("Cá bhfuil do thriall?" as Laidin) amach an chéad uair. Bhí an leabhar ceaptha le buaidh na Críostaíochta ar an Phágántacht in impireacht na Róimhe a cheiliúradh, ach déanta na fírinne b'é an cur síos mionchruinn suimiúil ar shochaí Phágánta na linne ba mhó a chuaigh i gcion ar na léitheoirí, pearsa láidir Phetronius Arbiter thar aon rud eile, gan aon trácht a dhéanamh ar an chuntas iontach inchreidte intadhaill ar uisce faoi thalamh na n-uasal Rómhánach agus an tíoránach Nero ina Impire. Is beag léitheoir nach n-aithníonn taithí an scríbhneora ar an ghnáthshaol faoi chóras ansmachta - an tSáir, nó an Impire Rúisigh, sa chás áithrid seo.
D'fhoilsigh Sienkiewicz úrscéal fán troid eadar na Polannaigh agus ridirí an Oird Teotanaigh sna Meánaoiseanna fosta. Inniu féin tá meas air mar scéalaí, siúd is nach dtearnadh dearmad de locht a fháil ar a shaoldearcadh a bhfuil an iomarca de bhlas na Críostaíochta sóntaí éadoimhne le brath air, dar le muintir aindiaga ár linne féin.
Thart ar chasadh an chéid tháinig glúin úr scríbhneoirí - an Pholainn Óg - ar an fhód agus iad ag cur ceannairce ar luachanna an phosaitíbheachais. Siombaileachas a bhí mar rosc catha acu, ag filí ar nós Boleslaw Lesmian,Leopold Staff nó Kazimierz Przerwa Tetmajer.
Ins an Úcráin a rugadh Lesmian; tar éis staidéar a dhéanamh ar an dlí dó chuaigh sé leis an amharclannaíocht i Vársá. D'fhoilsigh sé an chéad díolaim filíochta sa bhliain 1912 agus d'imigh sé ó Vársá aríst go dtí Oirthear na Polainne leis an chuid ba bhisiúla dá shaol chruthaitheach a chaitheamh ansin, agus é ag gabháil do cheird an nótaire phoiblí chun gléas beo a shaothrú dó. Éagsúlacht foirme agus iarracht chun éagobhsaíocht na cruinne is an comhrac eadar an saol nithiúil is an spiorad a aithris san fhilíocht - sin iad na tréithre is dual dá chuid saothar.
Bhí fad saoil i ndán do Leopold Staff nuair a saolaíodh ins an bhliain 1878 é, nó siúd is gur thoisigh sé a scríobh i dtréimhse na Polainne Óige, mhair sé i gceann pinn go lá a bháis, beagnach, a tháinig sa bhliain 1957. Chuaigh sé chun ceannairce is chun cearmansaíochta ar an Pholainn Óig le teann chlasaiceachas a chuid filíochta nach rabh ag teacht leis an chlaonadh chun mífholláine ag an dream eile sin. Bhí saoldearcadh eicléicteach dá chuid féin aige, nó mar a deir Julian Krzyzanowski: "Nuair a tháinig an liriceoir óg seo amach leis an chéad díolaim filíochta gan chliú ar bith a bheith bainte amach aige roimhe sin ar na hirisí, bhí port nua misniúil á cheol aige, agus é in ann a léiriú go mb'acmhainn dó a dhearcadh féin a bheith aige ar an tsaol agus amhras a chur i ngnáthmhanaí a linne."
Bhí an tionchar ag go leor foinsí éagsúla ar smaoiteachas Staff, ó Naomh Proinsias ó Aisisí go dtí Friedrich Nietzsche. Ó bhí Staff in ann athrú agus forbairt le himeacht na mbliantach, chuaigh aige theacht aniar aduaidh ar a chuid léitheoirí leis na díolaimí filíochta ba deireanaí féin.
B'é Stanislaw Wyspianski (1869-1907) an drámadóir ba tábhachtaí thart ar chasadh an chéid a rugadh agus a chaith bunús a shaoil i gCracó, cathair chultúrtha na Polainne. Amharclannaí uilíoch uileghabhálach a bhí ann, agus é eolach ar ghléasadh stáitse agus ar stiúrthóireacht comh maith leis an scríbhneoireacht stáitse féin: bhí cliú ínteacht air mar gheall ar a shaothar portráidíochta, tarraingteoireachta, tírphioctúraíochta agus dearthóireachta sular chrom sé ar an amharclannaíocht. Mar sin, is féidir a rádh go rabh lámh dheas aige cuma cé acu an peann nó bruis an phéintéara a bhí aige. Ós rud é go rabh tuigse aige ar an taoibh radharcaigh den amharclannaíocht comh maith leis an taoibh théacsúil, ní díol iontais ar aon nós é go n-áirítear é ar duine de na hamharclannaithe is úire, is bunúla i stair na healaíne seo ins an Pholainn.
Níor thréig Wyspianski an tírghrádh ba dual do lucht an Rómánsúlachais, agus dearctar air féin mar nua-Rómánsúlach. Ina dhiaidh sin níor ghlac sé leis an chineál tírghráúlachta a bhí thuas ins an amharclannaíocht roimh a lá féin gan a dhul a dh'fháil cámais uirthi. Bhí sé báúil le slua-radharcraí ollmhóra, fiú poimpéiseacha, le stangadh a bhaint as a lucht féachana; thairis sin, áfach, théadh sé i muinín teicnící saothraithe ceoil, pantaimíme agus aisteoireachta. Chleacht sé stáitse na n-iltaobh is na n-ilchleas le samhailchruinne inti féin a dhéanamh den dráma. Thig linn a thionchar a aithint ar iarrachtaí na n-amharclannaithe comhaimseartha Polannacha, ar nós Tadeusz Kantor nach bhfuair bás ach cúpla bliain ó shin, chun uilíochais agus chun aislinge uileghabhálaí amharclannaíochta: an stiúrthóir ina auteur nó ina ealaíontóir neamhspleách ag glacadh freagracht air as achan ghné den dráma, eadar théacs, ghleas stáitse agus stiúrthóireacht, san am chéadna.
Is é Wesele - "An Bhainis" - an dráma is cáiliúla dár scríobh Wyspianski, agus cliú eadarnáisiúnta air toisc go dtearn an stiúrthóir cliúiteach Andrzej Wajda é a scannánú cuid mhaith blianta ó shin. Is é is ábhar dó ná pósadh an fhir uasail idéalaigh le cailín simplí ón tuaith: tá an buachaill faoi dhraíocht ag speabhraoidí náisiúnachais i leith na cosmhuintire, i gcruth is go roghnaíonn girseach acu sin mar bhean chéile. (Bheadh sé sách simplí athchóiriú Éireannach a dhéanamh den dráma seo ina mbeadh Gaeilgeoir ó Bhaile Átha Cliath ag pósadh cailín Gaeltachta mar gheall ar chúis na teangan amháin!) Bhí Wyspianski ag déanamh criticeoireachta ar dhaoiní a ligfeadh don idéalachas náisiúnaíoch an oiread greama a fháil ar a n-aigne agus go ndallfaí a súile i leith na réaltachta. Díol suime é b'fhéidir gur éirigh le wyspianski an dearcadh seo - ar féidir é a chur i gcomparáid, fiú, le dearcadh sheáin Uí Chathasaigh i leith an náisiúnachais armtha Éireannaigh i The shadow of a Gunman - a cheangal de dhúthracht náisiúnaíoch dá chuid is dá dhéantas féin. Náisiúnaíoch criticiúil, féinchriticiúil fiú, a bhí ann mar sin - duine a bhí in ann locht a fháil ar lucht an tírghráidh gan an tírghrádh féin a chaitheamh i dtraipisí.
An bheirt mhórscríbhneoirí próis aríst, Wladyslaw Reymont agus Steafan Zeromski, chomhcheangail siad siombaileachas agus nua-aoiseachas a linne agus cur síos réadúil, fiú nádúraíoch, ar an réaltacht ina gcuid úrscéalta agus gearrscéalta. Thuill a chuid úrscéalta, Chlopi ("Na Fir Thuaithe") ach go h-áithrid, Duais Nobel do Reymont, ach ina dhiaidh sin dealraíonn sé nach mórán léitheoireachta a ghnítear ar a shaothar inniu.
Bhain an Pholainn amach an neamhspleáchas aríst i ndiaidh an Chéad Chogaidh Dhomhanda, ach má chuir sé rímhéad ar na scríbhneoirí comh maith le duine, tháinig mealladh, frustrachas agus tuaradh tubaiste ina leaba go sciobtha, nuair a d'iompaigh an stát nua amach a bheith róchlaonta chun braiteoireachta is guagaíola polaitiúla, gan trácht ar bith a dhéanamh ar an tuathghríosóireacht ná ar an fhrithGhiúdachas.
B'é Julian Tuwim an file ba tíriúla san am seo. Giúdach a bhí ann, rud a thabhaigh dímheas na gciorcal radacach náisiúnaíoch dó, agus iad ar a seacht ndicheall ag iarraidh a chruthú nach rabh saothar an fhile seo, "éirimiúil is uile mar atá sé, ag teacht le dúchas na Polainne". Ba chóir dófa gan a gcuid cainte a chur amú, nó is léir do dhuine ar bith gur deacair a theacht ar a mhacasamhail ar a thíriúlacht mar liriceoir. Bhí sé i gceannas ar an bhaicke filí udaí Skamander, inar chruinnigh filí pobail dá chineál féin, agus iad ag díriú ar an ghnáthléitheoir lena ngreann sothuigthe agus ag seachaint is ag lochtú geáitsíocht na bhfilí turgnamhacha urghardacha.